Tá ábhar gutha i nGaeilge ar shorcóirí céir Uí Mháille, idir chaint, scéalaíocht agus amhráin, rud a léiríonn an spéis a bhí aige ar feadh a shaoil sa teangeolaíocht, sa bhéaloideas agus i mbailiú an cheoil. Léiríonn an chartlann tionchar ollmhór na hoibre taifeadta seo ar a shaothar acadúil féin. Ba é an tOllamh Tomás Ó Máille (1880-1938) an chéad ollamh le Gaeilge i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe ó 1909 go dtí gur bhásaigh sé go tobann, gan choinne, i 1938, agus bhí sé ar dhuine de mhórscoláirí Gaeilge a linne. 398 sorcóir céir agus 507 taibhléiriú atá le fáil i gCartlann an Ollaimh Ó Máille in Ollscoil na Gaillimhe. Tá sé ar an mbailiúchán taifeadtaí is mó dar chruthaigh aon bhailitheoir aonair a bhí ag obair go neamhspleách in Éirinn ó tháinig teicneolaíocht an taifeadta ar an bhfód, go dtí lár an fichiú haois. Tá rianta ó shorcóirí céir Uí Mháille le cloisteáil sa bhailiúchán fuaime seo.